An Turas go dtí an Amharclann agus an Gailearaí Ealaíne

An Turas go dtí an Amharclann agus an Gailearaí Ealaíne – le Shelly Cashman

Ar an deichiú la de mhí Deireadh Fomhair 2016 chuaigh daltaí ón gceathrú, ón gcúigiú agus ón séú bhliain ar thuras go dtí an ‘Everyman Palace theatre’ chun an drama An Triail a fheiscint. Caithfidh na daltaí staidéar a dhéanamh ar an dráma seo i gcomhair na Ardteiste. Bhí an dráma ag na daltaí as béarla chun a bheith in ann é a leanúint. Fuaireamar na ticéidí don dráma saor in aisce mar bhí gcomórtas postéir agus bhí orainn postéir a chur le chéile  i gcomhair an dráma. Bhuaigh Ryan Long sa séú bhliain an chomórtas. Bhronnadh an postéir i fráma ar Ryan Long ag deireadh an dráma. Tógadh griangraifanna don nuachtán agus suíomh an amharclann. Bhain na daltaí an taitneamh as an dráma agus fuair Ryan taibléid nua mar duais i gcomhair an phostéir. Úsáidtear an postéir timpeall na tíre seo don dráma. Chuaigh siad ar aghaidh ansin go dtí an gailearaí ealaíne ‘Crawford’ i lar na cathrach. Ta orthu aiste a scríobh faoi gailearaí ealaíne sa scrudú. Bhi clár fáiscthe ag gach dalta chun notaí a thógaint ar na h-ealantóirí mar caithfidh siad staidéar a dhéanamh air.  Bhí turas treoraithe timpeall an gailearaí again. Chuaigh Iníon Uí Bhrádaigh, Iníon Uí Cheallacháin agus Máistir Ó Parle ar an turas lena daltaí. Bhí an turas an tairbheach ar an iomlán do na daltaí agus bhaineamar an taitneamh as.

 

 

[Best_Wordpress_Gallery id=”20″ gal_title=”An Triail”]